Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do léim an firín beag agus theine creasa a teacht amach as a dhá shúil.
Dubhairt sé le Dómhnalll ansan go ndíbhreóchadh sé é agus do bhuail sé buille dá bhróig ar rúmpa na tóna air Dhómhnaill agus do chuir sé anuas ar mhullach a chinn ar an mbórd é agus do bhí sé chómh mór is abhí sé riamh nuair thuit sé anuas.
Do leath a shúile ag a raibh ag an bpósadh nuair a chonnaiceadar é. Do léim Séamus de'n bhórd agus d'innis sé an sgéal go léir dóibh agus nuair a airig an Sagart an sgéal do chaith sé uaidh an sgian agus an forc agus do phós sé iad ar an spota sar a dtiochfhadh a thuile púcaí ag triall ortha. Do thug Dómhnall seachtmhain breágh ansan ag ithe is ag ól is ag déanamh aoibhnis agus do chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair agus do bhí iongnadh ar an máthair.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luaisaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí