Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ann uair agus do bhí aon mac amháin aici. Bhí sé sin pósta agus ní réidhtígheadh sí ró-mhaith leis an máthair-chéile. Aon lá amháin do bhíodar ag ithe an suipéar agus bhí ím ag gach duine aca ach an máthair. Dubhairt sí mar seo:- "Nuair a bhís-sé beag bídeach
Ba thusa mo stór,
Do ciarfainn go mín thu go minic sa ló
Do shínfinn lem' thaoibh thu go séimh cneastach cóir,
Is ní íosfainn-se an t-ím agus tusa ó's mo chómhair."- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67