Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí beirt fhear 'na gcómhnuidhe i mbaile Mhúirne fadó.”
Do bhí beirt fhear 'na gcómhnuidhe i mBaile Mhúirne fadó. Tadhg agus Seán ab'aimn dóibh. Do thárla go raibh troid éigin eatorra. Do bhí Tadhg ag cuimhneamh ar cadé an díoghaltas a fhéadfadh sé a imirt ar Sheán. Do bhí madra ag Seán agus do bhíodh ocras air go minic. Do chuimhnig Tadhg ar sheift. Do fuair sé machdual agus do thúm sé i geir é abhí fagtha in dhiaidh an dinnéir.
Do bhí sé 'á thúmadh go dtí go raibh sé ana bheag ar fad. Do bhí falla beag idir an dá tig agus do chaith sé treasna na falla é. D'ith an gadhar bocht é mar do bhí ocras air. Ní túisge abhí sé ithte aige ná gur leag an geir le teas a cholainn.
Nuair a leagh an geir d'oscail an machdual amach chómh mór is abhí sé riamh agus do chuaidh an gadhar bocht as a mheabhair agus ní raibh a fhios ag Seán cad abhí ar an ngadhar agus b'éigin dóibh é a mharbhú agus sin mar bhí díoghaltas ag Tadg as.