School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 367
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tobar Colmcille is ainm do’n tobar atá i nDéseart.
Tá sé suidhte fa thuairim 100 slát ón Éidhnigh Bhig, thios i h-isléan i bpáirc, cupla slát o’n t-sean Roilig. Tá sé in aice an áit a rabh mainistir fadó, in a rabh comhnaidhe ar na manaigh de Órd Naoimh Phroinnseas.
Tá dhá chárn clóch ar gach taob de agus toin sceiche taobh astoigh de’n dá chairn clóch, eatorra sin tá an tabar suidhte Gnidhtear turas ins an áit sin agus nuair a bhí sin deanta, tógtar buidéal uisge amach ar an tobar. Deirtear gur léigheas é ar déideadh nó piantaí ar bith éile.
Deirtear trí páidreacha, trí Bhia Maria, agus trí Gloraí do’n Athair ag an tabar le linn do dhuine a bheith ag deanamh an turas. Caithfear cúig deichneabhar déag a radh ins an turas agus tá móran cárn clóc ann comgarach dó’n áltoir bheag, caithfear a dhul thart fa na cáirn sin trí h-uaire, paidir Bhia Maria i rádh an uile uair agus trí clócha a chaiteadh suas órthu. Tugtar an t-uisge ar siubhal agus(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Ghállochobhair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Disert, Co. Donegal