School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 382
- XML “Béaloideas - Díseart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt Pádraig Ua Fíoghaire as Díseart liom, gur cuireadh ‘eisean na scoile leis an Béarla a fhoghluim, sa dóigh go mbeadh fhíos aige caidé bhí ar sagart ag rádh Dia Domhnaigh, indhiaidh a dhul síos na Frásaigh do.
Ins an am sin ní rabh dá labhairt ins an taobh seo de dhroicead na Rúdha, acht Gaedhilg, acht go rabh beagan béarla dá chaint ag Cloinn Uí Ciaragáin, agus Clann Uí Ghriffin as Drumaghrádh, Clann Uí Ceallaigh agus Clann Uí Eochaidh as Currach Leitir – Fhada agus Clann Uí Mhuineacháin as Seasgan. Bhí sin fa tuairim an bhliadhan 1865.
Fa thuairim an ama sin bhí trí sagáirt i bpároiste Inbhir agus ní rabh cheachtar acu ábalta faoisidhin na ndaoine a chluinstin i nGaedhilg. Thainig sagart darbainim Ua Baoghal as Cilliochtaoidh (Killaghtee) go Cille – Máird, agus bhí Gaedhilg maith aige – san. Nuair a chualaidh in sean-dhaoine fa’n áit seo é, cuaidh siad uilig amach go Cille – Máird agus cuir siad an sgéal os comhair an sagart annsin agus d’éist seisean a gcuid faoisidín uilig.(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Ghallochobhair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Disert, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua Fíogaire
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Disert, Co. Donegal