School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 175
  3. XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sí amach dubhairt sé go rabh an-truaighe aige duíthe nó go rabh eagla air nach rabh a cuid páiste féin aice. "Deán mar iarrfas mise ort," arsa seisean, go bfeicid tú caidé tá agat. I gcionn tamall eile nuair a rachas tú isteach tarraing amach an ghríosach agus caith práiscín maith coirce isteach ann sa lár. Nuair bhéas sin deánta agat gabh i bhfolach de thaoibh éiginteacht go bhfeicidh tú caidé bhéas ag gabhail. Ma tcíd? tú na páistí ag corrughadh nó ag tabhairt iarraidh amach ar dhóigh ar bith bidh cinnte? agus druid an doras agus ná leig? isteach níos mó iad.
    Rinne sí mar d'iarr an fear uirthí agus d'fhág an cliabhán cómhgarach go maith do'n teine. Chuaidh sí i bhfolach annsin agus nuair a dhearg an teine thosaigh an coirce a bhléascadh agus a dhéanadh tormán a bhí mór go leor. Thóg na páistí a grinn? le h-iongantas agus d'fiafruigh an fear a bhí i gcionn a' chliabháin de'n fhear a bhí i gcois an chliabháin a' gcualaidh sé a leithéid sin ariamh. "Níor chulaidh arsa seisean, agus tá cuimhne agam nuair a bhí na h-uain óga ag siubhal anonn is anall ar loch Éirne. Níor mhothuigh mé a leithéid sin de thormán ariamh. Arsa an fear eile. "Is fearr duin bheith ag imtheacht." D'éirigh siad agus amach leabhtha. Thug bean a' toighe iarraidh ar an doras, druid sí é agus ni fhaca sí ní ba mhó iad. Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94