School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 177
- XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seanduine daobhtha caidé bhearfad siad dó'n dá bhuachaill seo a choinnigh cuideachta leobhtha ó thainig an oidhche. Dubhairt síogaidhe amháín nach dtabharfadh siad dadaidh do'n té d'fhan amuigh. Annsin d'iarr an seanduine
ar an fhear a chuaidh isteach san fháinne leobhtha a ghabhail síos fhad le lorg sean-chruach mhónadha bhí thíos annsin agus a chuid pocaí a líonadh lán de'n
ghreamhar. Annsin d'imigh an sluagh agus chuaidh an bheirt bhuachaill síos fhad leis an chruaich. An fear a n-iarradh air a phócaí a líonadh ní rabh air ach
póca amháin agus líon sé é. Smaoitigh an fear eile go
dtabhairfead sé féin cuid de'n ghreamhar seo leis fosta agus líon sé a phócaí de'n ghreamhar. D'imigh an bheirt a dhiasgaireacht annsin. An chead urchar a chaith
fear an aon-phoca amach chuaidh a fhabhar i bhfascodh agus bhris sé a dhoruga. Tharraing sé isteach é go gcuiread sé suas dubhán acht nuair a chuir sé a lámh ann a phóca go bhfághad sé dubhán tharraing sé aníos lán a dhiurn de ór. Thaisbeán sé do'n fhear eile é agus chuir seisean a lámh i n-a phóca siocair gur shil sé go bhfuighead seisean an rud ceadna. Acht ní rabh anois leis ach an greamhar. D'imigh sé seo arais go tdí'n sean chruach mhónadh ach ní rabh gar ann.
Ní rabh le fághail aige acht an greamhar agus b'éigean dó a ghabhail abhaile folamh.- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 94