School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 192
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an cheairtlín roimhis agus shiubhail an triúr leobhtha nó go dtainig siad fhad leis a' chrois-bhealach. Bhi an seanduine beag ruadh annsin i n-a suidhe rompa agus chuir foradh- fháílte mhór roimhe an mhac. D'fiafruigh sé de a'bhfuair sé a iarraidh. D'fhreagair an mac go bhfuair. D'fiafruigh an seanduine de a'gcuimileochadh sé braon beag dó-san a léigheasfadh na piantaí a bhí i n-a chnámha. Dubhairt seisean go rabh luthgháir mhór air an buideál bheith leis le sin a dhéanadh. Chuimil sé an cleite dó'n t-seanduine. Ar a'bhomaite bhi aige an buachaill ó a ba deise ar a leag sé súl ariamh.
D' fhág an triúr slán agus beannacht aige annsin agus d'imigh siad leobhtha. Ní fhacaidh sé an dara h-amharc ortha. Thug seisean iarraidh ar a'bhaile agus bhí luthgháir mhór ar a athair roimhis. Ní dhearn sé morán moille nó go dtug sé leis an buideál agus chuimil cuid de'n iocshláinte do n-a athair. Le sin d'eirigh an t-athair aniar as an leabaidh comh slán folláin is bhí sé ariamh. Annsin dibhir sé an bheirt mhac eile is choinnigh an mac b'óige.
Chuaigh siadsan an deán agus mise an clochán, báitheadh iadsan agus thainig mise.- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 94