School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 199
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sa bomaite sin bhuail an t-uaigneas é. Sa deireadh thainig an fhuireann agus is air a bhi an t-áthas. Mhionnuigh sé nach bhfanochadh sé leis féin i mbád go deo arís. Chuaidh sé a dh'amharc ar an allt lá thar na bhárach ach ní rabh aon dhath air ach oiread leis an chead lá. Nuair a chonnaic sé seo ní dhearn sé aon mhaith ní ba mhó.Síodh-ScealBhí buachaill ann fad ó shoin agus la amháín chuaidh sé a d'iasgaireacht le slat pholláin. Nuair a bhi sé tamaill ag iasgaireacht thainig uair[?] amháin isteach agus sciob sí amach é. Chuaidh an sceala amach annsin fo rabh sé báidhte.
An oidhche roimhe Oidhche Shamhna bhi a mháthair i n-a suidhe go brónach sa teach nuair a shiubhail a mac is-teach a bhí báidhte. D'innis sé duíthe nár báitheadh eisean ar chor ar bith, gurabé an rud a tugadh as é. Dubhairt sé má bhí dúil aice é a fhághail arais go mbéádh sé ag gabháíl thart annseo san oidhche i mbárach ar uair an dó dheag. "Iarr ar m'athair," arsa seisean "braon biotáilte a fhághail agus cupla fear a
chruinniughadh is iad seasamh ag taobh an t-srutháín atá ag gabhail síos le binn a'toighe. Bíodh timthire teallaigh ag m'athair ann a laimh," Nuair a mhothochas siad tormán ag teacht ná sgannraigheadh
siad. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Cáit Nic Giolla Chearra
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Mac Lochlainn
- Relation
- Parent
- Gender
- Male