School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 212
  3. XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
  4. XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Sceal fá Bhunadh na gCnoc
    Bhí beirt déarthar i n-a gcomhnuidhe ar a' Leargán Bhreac aon uair amháin. Bhi fear aca nach dtabhairfeadh isteach do shidheógaí ar bith ach bheireadh an fear eile. Bhi an bheirt aca ag déanadh póitín lá amháin. Bhí cró beag déanta aca agus ghníodh siad an póitín ann. Bhi gnás aca an t-am sin soitheach a chur faoi'n still agus nuair a thigeadh duine de na daoine beaga fa choinne braon de'n phoitín é a bheith aca le fághail.
    Lá amháin bhí an bheirt déarthar ag déanadh an phoitín sa chró. An fear a bheireadh isteach do thaidhbhsí chuir sé soitheach faoi'n still le pian-pháis ar an fhear eile. Le sin thainig duine éigínteacht isteach. D'amharc siad thart. Fear a bhí ann agus bhi gasúr beag ar ghreim laimhe leis. D'iarr sé braon de'n phoitín ortha. Dubhairt siad-san go dtabhairfead siad sin dó is failte. "Maise," arsa an fear, "ní orm-sa atá sé a dhith ach ar an pháiste gasúra. Ní bheadh sé sásta muna dtiginn leis go bhfágadh sé braon maith de'n phoitín." D'ól an gasúr braon maith de'n phoitín agus d'imigh siad leo annsin. Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.