School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 222
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an sagart air a theacht agus cuideadh leis na cuirp a bhí le cur a chur. Scannruigh an fear annsin nó shil sé gur daoine marbha a bhí an sagart a ghabhail a chur. Ach thug an sagart go dtí seomra é áit a rabh trí bhairrille óir. D'iomchuir siad na bairrillí go dtí an áít a rabh siad an chead uair. Rinne siad poll agus chuir siad na trí bhairrille sa pholl.
    Annsin thug an sagart dha phíosa óir dó arais agus thainig an fear i n-a bhaile.
    Annsin thoisigh an fear a dh'eirigh saidhbhir agus cheannuigh sé ach uile sheort da rabh a dhith air. Ach sa deireadh thoisigh sé a dh'éirighe bocht arais go dtí sa deireadh go rabh sé comh bocht is a bhí sé ariamh.
    Lá amháin bhi sé i n-a shuidhe taobh amuigh de na theach agus le sin tcidh sé an capall ban ag tarraingt air agus ag stopadh ag na thaoibh. Thainig an marcach anuas dá dhruim an bheathaigh agus arsa seisean leis an fhear, "Chualaidh mé go bhfuil tú an-mhaith ag cóiriughadh toighe. Ba mhaith liom dá dtigtheá agus teach atá agam a chóiriughadh. Níl duine ar bith sásta a theacht siocar taibhse bheith ann. Ta sagart a fuair bás le cluinstin ann ach uile oidhche ag déanadh tormáin le h-ór. Ba mhaith liom dá gcóirightheá an teach domh mar go bhfuil sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal