School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 243
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)caillte aige agus gan an fáinne aige, smaoinigh sé ar an iasg a shabhail se. Scairt sé air agus ar an bhomaite cheadna thainig an t-iasg agus an fáinne leis i n-a bhéal. Bhi luthgháir mhór air agus tharraing sé ar an Rígh arais agus thug an fainne dó. Dubhairt an Rí gur mhaith é ach go rabh rud amháin eile le fághail aige, sin braon uisce a thabharfas duine ó bhás.
D'imigh Éiric leis annsin nó go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann agus le sin thainig an dá éan a shábhail sé fhad leis agus thug buideál dó. D'imigh sé fhad leis an Rígh agus nuair a chonaic sé go rabh a inghean bainte aige bhsé sásta go leor. D'innis an Rí dó annsin go rabh a dhá inghean deag i stoigh sa t-seomra agus go gcaithfead sé fein an bhean a bhí a dhith air a phósadh.
Chuaidh sé isteach agus bhí siad uilig i n-suidhe thart. Ni rabh fhios aige cé aca a ba chóir dó a thabhaort leis. Sa deireadh thainig beachóg bheag fhad le n-a cluais agus d'innis dó. Thug sé í seo leis agus nuair a thainig sé fhad le Rí na n-Éireann leithe bhi luthgháir air ach d'iarr sé ar a chuid daoine Éiric a mharbhadh. Rinneadh seo agus nuair a bhi sé marbh d'iarr inghean Rí an Domhan Thoir cead a ghabhail a d'amharc air. Chuaidh si agus bhain sí an buideál beag amach as a póca agus chuir braon de ar chorp Éiric. D'éirigh sé aniar i n-a bheathaidh arais. Nuair a chonaic an Rí seo d'iarr sé ortha é féin(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal