School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 257
  3. XML “Siúbhán Beag - Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    t-seanbhean, "an Bhainrioghain eile a bhi ag an Rí beireadsí airgead agus gach rud domhsa." Acht seo an triomadh h-uair duitse a theacht anuas annseo agus ni thug tu dadaidh damh go fóill." "Ní rabh fhios agam go rabh do léitheid ann," arsa an Bhainrioghain, "Acht ca tuige a ndeir tú liom go tabh bean eile ag an Rígh. "Leoga, bhi bean eile aige," arsa an t-seanbhean, "an bhfeiceann tu an cailín beag sin ar a dtugtar Siubhan Bheag uirthí, sí sin inghean ba Bainrioghna eile." "An bhfuil fhios agat dóigh ar bith a dtiocfadh liom í a mharbhadh," arsa an Bhainrioghain. "Má bheir tú sparán óir damhsa," arsa an t-seanbhean innseochaidh mé sin duit. Thug an Bhainrioghain sin duíthe. "Anois," arsa an t-seanbhean, "nuiar a rachas tú abhaile fágh fuil chirfe agus bíodh sé i bhfolach ann do cheomra agat. Sul a dtig an Rí abhaile gabh a luighe agus cuir bolgam de'n fhuil isteach ann do bheal agus nuair a thiocfas an Rí isteach caith as do bhéal amach ar an urlár é. Fiafrochaidh ah Rí díot annsin goidé a léifheasfas thú agus abair leis gur trí bhuideál iocshláinte as tobar atá sa Domhain Thoir is nach dtig le teachtaire ar bith a ghabhail ach Siubhán Bheag."
    Chuaidh an Bhainrioghan abhaile agus rinne sí seo. "Cuirfidh me saighdiúir fá na choinne, arsa an Rí "beidh sé nios cinntighe ná an ghiorrsach sin." "Ní thig le duine ar bith a ghabhail fa na choinne acht Siubhán Bheag, arsa sise. Sé an deireadh a bhi air gur cuireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Informant
    Brian Ó hEigceartaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal