School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 265
  3. XML “An Bráthair Ó Concubhair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duit a gabhail chuig an t-sagart". Chuaidh sé go dtí an sagart acht ní rabh an sagart i ninnibh dadaidh a dhéanadh. Chuaidh sé go dtí sean-sagart eile agus d'iarr an sean-sagart air a gabhail fhad leis an Bhráthair Ó Conchubhair a bhí ina chómhnuidhe i leithéid seo de áit. Chuaidh sé fhad leis an Bhráthair agus d'innis do caidé a thárla. Scríobh seisean litir dó agus d'iarr air an litir a leanscan, lean sé an litir giota maith agus sa deireadh tháinig sé fhad le h-áit a rabh poll ag gabhail síos sa talamh. Chuaidh an litir síos sa phall agus lean an buachaill é. Chuaidh sé síos an-fhada agus fá dheireadh tháinig sé fhad le doras ifrinn. Bhí fear annsin agus d'fiafruigh sé de'n bhuachaill caidé a ghnaíthe annseo. D'innis an buachaill sin dó. Scairt an fear ar an chailín agus tháinig sí. 'Tabhair dam an scríbhinn', arsa an buachaill. "Ní thabharfadh mé" arsa an cailín. D'iarr an buachaill oirthi an dara h-uair an scríbhinn a thabhairt dó acht ní thabhairfeadh. D'iarr sé oirthe an tríomhadh h-uair an scríbhinn a thabhairt dó nó go gcuirfead sé í go leabhaidh Bhráthair Uì Chonchubhair í. B'éigean dithe an scríbhinn a thabhairt dó annsin. D'imthigh an buachaill fhad le teach Bhrathair Uí Conchubhair agus d'inis dó mar éirigh an siubhal leis. ""Anois" arsa an Bráthair Ó Conchubhair, "seo dhuit tuagh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Informant
    Brian Ó hEigceartaigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal