School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 278
  3. XML “Scéal fá na Fianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sí ceann dó. Ach nuair a thainig Diarmuid abhaile bhí fearg mhór air siocair go dtug sí ceann eile de na madaidh ar siubhail. Dubhairt sé, "Ba chóir duit cuimhne a chongbhailt ar an oidhche a leig mé isteach thú agus tú do sheanbhean ghránna." Dubhairt sise annsin nár chóir dó sin a rádh. Chuimhnigh Diarmuid ar a ghealltanas agus dubhairt sé go rabh sé buaidheartha. Lá thar na bhárach d'imthigh Diarmuid arais a dh'amharc ar na Fianna. Nuair a bhí sé ar siubhal thainig Goll a dh'amharc ar an cailín. D'iarr sé ceann de na madaidh uirthe. Thug sí sin dó. Nuair a thainig sé arais agus fuair an triomhadh madadh ar iarraidh bhí an dubh-fhearg air. Dubhairt sé le n-a mhnaoi, "Tar amach annseo, bhí tú uair amháin do sheanbhean ghránna." Dubhairt a bhean annsin leis "Caidé tá tú i ndiaidh a rádh?" Ní raibh sí le feiceáil ní ba mhó agus gidh gur amharc sé i n-uile áit. Nuair a dh'amharc sé arais bhí an caisleán deas imthighthe agus fuair sé fhéin i n-a seasamh ar an chnoc uaigneach, fuar, folamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal