School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 305
- XML “An Píobaire Sí”
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Féin agus thosaigh sé a dhéanadh poitín sa bhaile. Lá amháin bhí sé ar siúl agus d'fhág sé trí bharaille ar oibríodh ann a theach. Leis sin thainig an t-arm dearg isteach. Scanraigh a bhean agus a chlann, shíl siad go raibh réidh. Nuair a tháinig an t-arm isteach chun tí bhí trí bhearaigh ina luí ag canghnadh? an áit a raibh na trí bharaille. D'imigh an t-arm leabhtha agus bhí na trí bharaille arís in áit na mbearach. Fad agus a bhí an fear beo níor chuir an toirneamh airm buaireamh air? Bhí gach uile rud ag éirí leis fad agus a bhí sé beo.
Siadh Scéal
Bhí bean ina cónaí ar an Cheapaigh aon uair amháin agus lá amháin tháinig bean bhocht isteach chun soir thí a raibh páiste léi ar bhacán a láimhe di. D'iarr sí braon bainne uirthi a bheirfeadh sí dá páiste. Dúirt an bhean léi nach raibh móran bainne aici ins an teach. Tá a fhios agam nach bhfuil, arsa an bhean ach tá braon beag ina dhiaidh sin agat. Dá mbeadh a fhios agat an maith a rinne mé ort bhéarfá-sa an leath dom. D'éirigh bean an tí agus thug sí di braon den bhainne. Dúirt an bhean bhocht léi 'Tá seal gairid ó shoin shábhail mé d'fhear ar a bhádh ar a Charraigín - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Seaghan Mac m Briartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal