School: Cruit Island (roll number 16069)
- Location:
- An Chruit, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuid de na seandaoine abalta dheánamh amach ón spéir nuair atá droch aimsir air. Nuair atá dath bhán ar an gréin deirtear go bhfuil cuma fearthainn ar. Chórr uair bíonn fainne thart ar an ghealaigh deirtear go bhfuil doineann air. Ma tá an fainne i bhfad ar shiubhal tá an doineann comhgarach duinn ach má tá an fainne comhgarach do an ghealach tá an doineann i bhfad ar shiubhal uainn. Nuair atá na realtaí ag damhsa ins an spéir sin comhartha siocan. Nuair atá na scamaill bhana ins an spéir sin comhartha doininne. Nuair atá an ghaoth ag athrughadh o áit go h-áit sin comhartha doininne.
Má tá an fhairrge mhór ar lá ciuin tá storm le theacht. Nuair a bhíonn dath buidhe ar an spéir sin comhartha toirnighe.
An lá a bhios na faileogaí istigh ar an talamh tá fearthainn le theacht. Agus nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir sin comhartha doininne. Nuair a bhíonn an cat ag scriobhadaidh na cathaireach sin comhartha stórim.(continues on next page)- Collector
- Nora Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- An Chruit, Co. Donegal