School: Cruit Island (roll number 16069)

Location:
An Chruit, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 42

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 42

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruit Island
  2. XML Page 42
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cuid mhór luibheanna thart annseo, agus tá siad iongantach usaideach.
    Cul faith. Tá an súgh go h-iongantach maith fa choinne briucíneach. Fasann cul-faith achan áit fríd na chuibreann.
    Learcan garb. Tá an súgh go maith fa choinne na bá nuair a bhíonn casadach ortha. Fasann deilige ar an learcán garbh, agus fasann siad ins an geinimh.
    Learcán mín. Nuair a bhíonn casadach olc ar dhuine tugtar súgh learceannaí mín do. Is iomdha duine a bhí casadach olc air agus nuair a fuair sé súgh learceannaí mine ní rabh sé i bhfád ag fághail biseach. Fasann learceannaí míne isn an geinimh.
    Barchán. Tá an sugh go maith leis an fhuil a ghlanadh. Fasann sé an aiteannaí boga cosamhail le seascan. Tá blas gear air an sugh. Tá an súgh níos fearr ma tá sé cupla lá fuinn talamh.
    Slaite dubha. Tá slaite dubha maith fá choinne an truich. Tá an libh sin deacair a fhághail.
    "Gath Searbhán" Go maith fa choinne casadach. Fasann siad achan áit fríd na cuibreann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Nora Ní Gallchóbhair
    Gender
    Female
    Address
    An Chruit, Co. Donegal
    Informant
    Róise Ní Gallchóbhair
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    An Chruit, Co. Donegal