School: Doire Beag (roll number 14503)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag
  2. XML Page 221
  3. XML “Luibheanna agus A Leigheas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Slatacha dubha tá siad maith ag casachtach a bhéadh ar ainmhidhthe. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
    Lus na ríogh agus neoiníní tá siad maith ag an chroidhe. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
    Gas searbhán, diolar, ceannbhán dubh chosach, cál mín, bachrán, bárr aitinn agus duilleogaí báidhte. Tá siad maith fa choinne slaghdáin. Caithfear iad a bhruith agus an subh a ól.
    Cúl Phádraig Tá sé maith fa choinne chur ar ghearraidheacha. Caithfear an duilleóg a theidheadh leis an teine agus é a chur ar an chreich. .
    Lus mór tá sé maith fa choinne cnapáin. Caithfear é a bhruith fríd mhin-choirce agus é a chur ar an chnapán.
    Glasar Léanmhar Tá sé maith fa choinne carnáin nó pian na gcnámh. Caithfear é a bhrugh agus é chur ar an áir a mbéidh an phian.
    Cúl fáithche tá sé maith fa choinne bruicinigh. Caithfear é a bhruith agus an subh a ól.
    Gairleóg tá sé maith fa choinne pian na gcnámh. Caithfear é a bhruith agus an subh a ól nó é a bhrugh agus é chur isteach sa stoca.
    Capagach tá sé maith da choinne chur ar liobar a bhéadh dóighte ag an ghréin. Caithfear é a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Ghiolla Bhríghde
    Gender
    Female
    Address
    Ard na gCeapairí, Co. Donegal
    Informant
    Eoin Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Ard na gCeapairí, Co. Donegal