School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 291
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- TomhasannaAn fear a rinn é rinn sé é le é dhíol; An fear a cheannuigh é cha dearn sé úsaid ar bith de agus an fear a rinn úsaid de ní fhaca sé ariamh é? Comhnair
Caidé gníos dhá bhróig? Péire bróg
Ca h-áit is mó a bhfuil daoine? San roilig.
Tá coirnéal ins an t-seomra, tá cupa ‘san choirnéal, tá deoch ‘san chupa agus caithfidh gach duine é ól? Bás.
Tá tom geal ortha, acht ní gearrfhiadhach ias, tá bárr géarr ortha, acht ní snáthaidí ias? Feaghacha.
Caidé atá níos fearr na Dia, agus níos measa na an diabhal, biadh an duine marbh agus chá dtiocfadh leis biadh an duine beo a ithe? Dhath ar bith.
Bó bhán bó bhán ag dorus Sheáin, íosfaidh sí an méid a gheobhaidh sí acht ní chacfaidh sí a’ dhath? Roilig.
Is mise bean an toighe sé órlaigh ar fad, ní leigfidh mé isteach tú muna gcasann tú in do dhurn mé? Eochar.
Caidé is gaiste amuigh? Smaointeadh.
A athair, caidé an dóigh a bhfuil sé gur tusa m-athair, acht ní mise do mhac? Sagart.
Caidé an dóigh a dtiocfadh le dearbhrathair a dheirbhshúir a phósadh agus gan é i n-éadan an dlighe?
An dearbhrathair a bheith ‘na shagart.(continues on next page)