School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 173
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Daoine Cáileamhla.Bhí fear na comhnuidhe i nDóire Chasáin a thug léim deich slata ar fad, agus is iomdha duine a thug iarraidh an léim sin a dhéanamh, acht ní rabh siad ábalta. [sna]? fir a bhí ag cóimhéad air sé Domhnall Mac Laithbheartaigh, Séamus Ó Gallchobhair, Séamus Mac Laithbheartaigh, agus Pádraig Ó Luadhóg an t-ainm a bhí ar an fhear sin sé Seán Ó Oireachtaigh, Dóire Chásain, na Dúnaibh. Fósta an Domhnach na dhiaidh sin chruinnigh mhór. Ba é Domhnall Mac Laithbheartaigh, agus Pádraig Ó Luadhóg an bheirt a ba fhuide a bhí ábalta an chloch a chaitheadh. Bhí na fir eile ag tabhairt iarraidh an chloch a chaitheadh fhad leobhtha. Fa dheireadh tháinig Seán Ó Oireachtaigh ar aghaidh agus thóg sé a chloch, chaith sé i, agus chuir sé í dhá shláit tháire gach duine. Is iomdha duine na dhiaidh sin a thug iarraidh an chloch a chaitheadh fhad leis acht ní rabh sé ábalta. Bhí Séamus Ó Gallchobhair nuair a bhí sé óg ábalta breith ar ghiarrfhiadh, agus bhéadh sé abalta siubhail go Carraic Áirt agus arais i leath uaire. Bhí Niall Mac Ghiolla Cheara iongantach láidir fósta, acht an fear a ba láidre fa Dhoire an Chasáin sá’n(continues on next page)
- Collector
- Mícheal Mac Laithbeartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Informant
- Sean Ó hOireachtaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal