School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 293
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean fhocail.Tá cuid mór sean focal ag na daoine fá’n áit seo. Tá sean fhocal fá’n áit deir siad “Is doiligh bríste a bhaint dó tóin tarnocht, nuair a bhíonn duine tarnocht deir siad é. “Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é. “Féar gan píopa fear gan [sgétt]? sgithiste, bean gan leanbh bean gan léithscéal. Tá sean fhocal eile, “Tá an t-am agat sa a bheith ag cur súitche ar dó chrochadh féin. Déireadh na sean daoine sin le fear no bean a mbéadh an t-am aca pósadh agus teach úr a cur suas dobhtha féin. “Bíonn gach [tosnú]? lag, bíonn gach rud lag ar tús. “Dó réir an céile dhéantar na caisleain, caithfear na caisleain a dhéanadh dó réir a chéile. “Is féarr an t-slainnte ná na tainte ar chnoc, “Is fearr do dhuine an t-slainte bheith aige na tainte bheith ar chnoc, “Is trom an t-ualach an t-ocras, mar nuair a bhíonn ocras ar dhuine tá sé comh h-olc is dá mbéadh ualach trom ort is gan ocras ar bith. “Can eadh lá na gaoiste lá na sgoilbh. Deir na sean daoine sin nuair a thig lá gaoithe móire. “Nuair a bíonn spotanna gorma sa’n spéir oidhche ghealaigh deir siad go bhfuil cladach thart fa’n ghealach. “Nuair a bhíonn duine ag imtheacht áit ar bith(continues on next page)
- Collector
- Domhnall Ó Brodlaigh
- Gender
- Male
- Address
- Gorta Mór, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Laithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Baile Úr, Co. Donegal