School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 295
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean focail.
    “Mas glas na cnuic i bhfad ar shiubhal ní féar uilig atá ionnta” Cialluigheann sin má amharcann na cnuic glas nuair a bhíonn tú i bhfad uatha ní an féar a bheir ortha amharc glas. “Is iomdha duine a bhain slat a thug i griosail mhaith dó féin”. “Go mairid tú agus go gcaithfidh tú a’s go bpósfaidh tú ann. Deirtear sin le duine nuair a gheibh sé culaith no bróga úra. “A fhad is ritheas an madadh ruadh beirfear air sa’n deireadh. “Cialluigheann sin is cuma comh glic is a bhíonn an gaduidhe, beirfear air sa deireadh. “Go gcuiridh Dia rath ort. “Deirtear sin le duine a ghnidheann gar duit. “Is doiligh briste a bhaint de thóin tharnocht.” Deirtear sin le duine a bhíonn ag iarraidh rud ort nach bhfuil agat. “Ní hé lá na gaoithe lá na scolb”. Cialluigheann sin ní hé lá na gaoithe móire an lá is cóir duit a bheith amuigh ag cur toighe ar do theach no ag cur isteach coirce no ag déanamh a dath mar sin. “Duine gan teanga duine gan mait.” “Is fearr cara sa’n chúirt na airgead sa’n sparan.” Cialluigheann sin gur bhfearr do dhuine cara comhgarach do na a sparan a bheith lá airgid, “An rud is annam is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal