School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chasáin
- XML Page 183
- XML “Saibhreas i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Saidhbhreas i bhFolach.Nuair a cuireadh na Danair amach as Éirinn chuir siad póta óir i bfolach i gCnoc na Slighe. Tamall fada indiaidh sin tháinig bad isteach na Chora ar an taobh ó chuaidh de thráigh na Rósann, agus shiubhail siad aníos an cnoc go dtí an áit a rabh an t-ór. Bhí fear amuigh an cnoc fa-choinne mónadh. Nuair a chonnaic sé an dream daoiní comh luath ar máidín síl sé gurabh iad na sídheogaí a bhí ann. Táinig eagla air agus chuaidh sé i bhfolach. Choimhéad sé iad agus tháinig siad aníos agus thug leobhtha an t-ór. Chuaidh siad síos na Chora aráis agus d’imthigh siad le bánughadh an lae. Chonnaic Pádraig Mac Giolla Bhríghde iad ag seoladh amach báighe Dhumchan. Táinig an fear na bháile agus chuaidh sé féin agus sgaifte eile fear amach. Nuair a tháinig siad fhad leis an áit a rabh an t-ór bhí an t-ór ar siubhail agus lorg an phóta isteach sa charraig. Ón lá sin go dtí an la indiú tá lorg an phóta istoigh ins an charraig.
- Collector
- Éamonn Ó Buadhaigh
- Gender
- Male
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Na Dúnaibh, Co. Donegal