School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teachers:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1078, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 223
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá léar boithre ins an ceanntar seo, agus tá sean chasain ins an ceanntar seo fosta. An cuid is mó de na boithre atá ins an ceanntar seo anois, ba (?) iad casain a bhí ag na sean daoine i bhfad ó shoin. Tá bealach mór amhain atá seo ag gabhail go dtí an Craoslach agus go dtí gach baile ins an Chonndae seo. Na casain bheaga seo uilig a bhí ag na daoine i bhfadh ó shoin tá bealaigh mhóra déanta dobhtha anois. Ní rabh usaid ar bith ag na daoine i bhfad ó shoin de bhealaigh móra mar ní rabh gluaisteáin nó busannaí ar bith ag gabhail an t-am sin. Tá bealach mór ins na Dunaibh agus tá sé ag gabhail go Carraig Áirt agus ó sin go dtí Baile na Gallóglach. Tá bealach ag gabhail go Dúmhaigh agus tá sé ag gabhail go Corrach agus ó sin go Gleann Raithnigh. Fosta tá bealach mór ag gabhail ó Dhoire Chasain go Baile an tSéibhe. Ins an tSamhradh is mó a bhíonn gluaistéin ag daoine ar na béalaigh mhóra.

    Fuair mé an scéal seo ó Mhicheal Mac Pháidín. Tá an fear sin seasgach bliadhain dó aois. Fuair sé an scéal sin ó na athar mór. Fuaras an scéal seo ins an bliadhain 1823.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Méadhbha Nic Pháidín
    Gender
    Female
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Informant
    Micheal Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal