School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 113
- XML “Treankeel School”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fear a bhios doiligh shásamh i mbean agus a ghlacas ceann measardha deirtear doiligh shasamh ach furast fhóghnamn". San bhéarla, deirti "Hard to pease and easy fitted".
Nuair a phóstaidh seanduine ar chailín óg deirtidhe "Bíonn éan sean coiligh doiligh chógnibe".
Seo an crudh a fuair mac an tsiopadora le nighean an ropadora "Trí fichid rópa agus trí fichid sníom ar gach rópa. Bhí trí fichead sparan ar gach sníom agus trí fichead gine i ngach sparan".
Ma thig mí-adh ar dhuine "Is fearr uilig é no droch pósadh". Its all better than a bad marriage.
Bhí fear i dTaobh an Mhuileann a dtugadh siad Maems Ua Gallchobhair air a deireadh "Is furast de achan fhear cur le droch bhean ach an fear a bhfuil ceann acu aige".
Ma ta lanamhain le posadh nach bhfuil ar an Cháiligheacht céudna deirtear "Rachaidh an maith amach gan bathadh acu" nó "Ní dhóighfidh seach gcruacha nónadh i gcuideachta chéile". Deirtear seo fosta fa chupla duine dhéigheach i gcómhar nó i gcionn a chéile agus atá i gcontabhairt troid nó tuiteam amach.(continues on next page)