School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 140
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí trí cathaireacha no dúnta móra in acaill fadó.

    Bhí trí cathaireacha no dúnta móra in Acaill fadó
    1 Tá ceann amháin aca ar mullach Cnuic i gCaiseal ní ach an rían fágta anois. Tugtar Cathair a Caisil air.
    2 Tá cathair eile ag Rinn na Leanbh ag Tón an tSeanbhaile. Tá sé 75 troig treasna. Tóg na daoine na clocha as chun thighthe a dhéanamh
    3 Tá ceann aca ag chois Chnuic Móir agus tugtar Cathair a' tSleibhe Móir air. Togadh na clocha is fearr chun siubhail i gcóir togáil tighthe. Tá sé 60 troig treasna agus tá na fallaí 12 ar tiúgdhas.
    Tamall beag ó dheas uaidh seo tá roilig págánach ach tá an aimsear agus na daoine tar éis a lán díoghbhála a déanamh di. Sé an rud a bhí an i dtosach ná a lán uaigheanna cearnógacha. Is amlaidh a cuireadh clocha móra in a seasamh timcheall i gcearnóig. Tá an ceann is iomláine aca 9 dtroighthe ar fhaid agus 5½ troighthe ar leithead. Tá 9 gclocha ina seasamh direach ann
    Ar an dtaobh thiar thuaidh de seo agus timcheall 220 slat uaidh tá uaigh mór. I nDubhgort atá sé seo timcheall 9 bpéirsí ó theórainn Dubhghuirt agus Dubh Chinn Alla. Tá an uaigh seo loitighthe go mór ag an síon agus ag an bhfairrge mhóir. Rinne muilneóir a lán díoghbhála do chomh maith. 'Sé an rud a bhí san uaigh i dtosach ná 6 leacracha cloiche. Tugtar an Liaghán ar cheann amháin aca. Tá leac amháin aca 8 dtroighthe ar fhaid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish