School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 136
  3. XML “Paróiste Acla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. In iarthar Mhuígheo agus oscailte don fhairrge mhór ata paróiste Acla suidhte. Áit measarda mor iseadh í. Tá sí cómh deánta de oilean Acla agus de chuid de leath inis Corráin. Is beag áit in Éirinn atá ionchurtha leis an oileán seo maidir le ailneachtaí nadúrtha. Tá an t-oileán féin ar nós triantán dron-uilleanach. Tá sé 12 mhíle ón tuaiscirt go dtí an deiscirt agus 15 míle ón iartar go dtí an oirtear. Tá cósta ana fhada ag an oileán agus ar an dtaobh tá faillteacha fairrge nach bhfuil a shárú le fághail ins an Euróip lasmuig de Norbhuaidh. Táid ag eiríghe caol díreach ón uisge agus táid threis cuir i gcoinnibh tonntacha na fairrge móire ar feadh na mílte bliadhain. Tá 51,521 acra san oileán. Tá an talamh an shléibhteach ach amháin timcheall an cósta. Carraigreacha cumaracha atá ins na sléibhte seo. Portach atá ins an gcuid is mo de talamh Achla nách féidir a saothrú. Mar sin is timceall an cósta atá formhór na daoine ag cur fuatha.
    Tá dhá shliabh mor ann. Slíabh mór (2304) is an Crúachán (2192). Ní fágtha ach leath den Crúchan. Tá an chuid eile imthíghthe chun siúbhal le síor oibriú na fairrge móire. Éirigheann an faill atá fágtha 500 troigh ingearach ós cionn an uisge.
    Sa bl 1861 bhí 6,700 daoine san oileán agus is dócha go bhfuil breis ann anois.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish