School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 158
  3. XML “Na Gadaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Diarmuid suim aimsire i gConndae na Gaillimhe tainic gaduidhthe go h-Acaill ag tabhairt leobhtha maoin bhó do bhí ag Gar Lámhach Ó Bláthmhail agus nuair a thug siad leobhtha iad d'imthigh an Gar Lámhach siar go Co na Gaillimhe agus díarr cabhair ar Diarmuid a Reatha Uí Máille. Nuair a bhí an deinnéir ithte d'iarr Diarmuid air imteacht agus bheith in áirdeall na beithidheach agus go leanfadh sé féin é lá ar na bharach. D'imthigh Diarmuid ar maidin agus trí contaca leis agus nuair a bhí ag dul síos Gleann na Magh Dub cailleadh an céad cú, gearr sé uaigh di le na claideamh agus cuir sé faoi'n dtalamh í. Ag dul tre Mhám a Sgardáin thuit an dara ceann marbh agus ag Gleann Thomáis fuair an tríomhadh cú bás. Gearr sé uaigh agus chuir sé í. Síos Béal a' Mhuirthidh leis agus nuair a bhí Béal a' Mhuirthidh fágtha aige chonnaic sé na beithidhigh ag dul siar an tráigh agus na gaduidhthe dá dtiomáint. Nuair a connaic an ceannphort Diarmuid ag teacht as go bráth leis ar mhuin capaill. Lean Diarmuid é agus nuair a tháinig sé suas leis thug buille do a sgoilt é ó bhun bathais. Annsin dubhairt Diarmuid "Mo léan gan mo Ghar Lámhach in-aice liom" agus annsin tháinig an Gar Lámhach agus dubhairt "Tá mé annseo" Chuireadar ruaig ar na gaduidhthe agus thiomáin na beithidhigh ar ais no go dtangadar go dtí an áith ar thug na gaduidhthe na beithidhigh trid agus ar a dtugtar "Béal an Chriachair (Béal an Chreachaire) go dtí an lá indiu
    Annsin sgaradar ó céile, agus thug gach duine aca agaidh ar a thigh féin. Dubhairt Diarmuid leis dá dteastóchadh a chabhair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish