School: An Doirín (roll number 11549)
- Location:
- An Doirín, Co. Mayo
- Teacher: Seán Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Doirín
- XML Page 143
- XML “Naoimh Acla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is beag eólas atá lé fághail ar Achaill san Stair agus mar sin caithfear brath ar bhéaloideas na ndaoine maidir lé h-eachtraí a thárla níos fuide síar ná cúpla céad bliadhain ó shoin. Os rud nach raibh tracht air san Eaglais ceaptar gur mhair an Phágántacht ar feadh i n-Acaill.
Deirtear gur tháinig Naoimh go h-Acaill an t-am a raibh "Oileán na Naom mar ainm ar Eirinn.
Naomh Damnait: Deirtear go dtáinig beirt cailín agus gur chuireadar futha san áit a dtugtar Cill Damnait anois uirthi. Do reir an bhéaloideasa b'as Oileán Cliara dóibh agus bhí a n-athair ana shaidhbhir ach thréigeadar gach rud ar son Dé. Bhí tobar beannuighthe aca ann agus tá fothraca sean séipéil ann go dtí an lá indiu. Thíos ins an gcladach ag an gcúinne tiar-theas de'n roilig atá an tobar seo agus is féidir leis an bhfairrge teacht isteach ann. Tugtar turas chuige lá Mhuire Mhor sa bhfóghmhar. Chonnaic Tighearna talamh na daoine a tabhairt turas ar an dtobar agus ceistigh sé ina thaoibh. Tugadh gach eolas dó agus annsin d'orduigh sé do bheirt dhá lucht oibre an tobar a líonadh . Nuair a chaitheadar an céad sgiobán isteach san tobar d'iompuigh an t-uisge ina fhuil. Ní gádh a rad nár líonadh an tobar.
Tháinic Naom eile go h-Iochtar Acla darbh(continues on next page)