School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0016
  3. XML “Seán Buí Búrca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    imirt chártaí agus ní thagadh sé abhaile aon oidhche go mbíodh sé an dó-dhéag. Bhí gleann ann a raibh sgeach mhór árd ann agus bhíodh sé ráidhte go mbíodh triúr ban faoi bhun na sgeiche seo agus go mbíodh siad lé feiceál ann ins an oidhche. Bhí Seán ag teacht abhaile an oidhche seo taca an dó-dhéag agus dubhairt sé leis fhéin nach gcómhnóchadh agus nach stadfadh sé go bhfuigheadh sé amach an [?< na] triúr ban.
    Chuaidh sé isteach go dtí an sgeach agus cé d'fheicfeadh sé acht an triúr ban na suidhe faoi bhun na sgeiche. D'orduigh siad dó suidhe agus thug bean aca an píopa dhó lé caitheamh. Chaith sé an píopa agus nuair a bhí sé caithte aige dubhairt bean aca leis go gcaithfead sé dul a chodhladh in aoinfeacht léithe féin an oidhche sin. Chuaidh sé a chodhladh in aoinfheacht léithe agus faoi cheann tamaill d'eirigh sí agus dubhairt an darna ceann go gcaithfeadh sé dul a chodhladh in aoinfeacht léithe féin freisin. Chuaidh sé i chodhladh in aoinfeacht léithe agus faoi cheann tamaill d'eirigh sí agus b'éigin dó dul a chodhladh leis an tríomhadh bean. "Is fear gan fuacht gan faithchíos thú a Sheáin Bhuidhe Búrca" dubhradar leis. Leigeadar cead dó imtheacht annsin abhaile.
    Bhí sé amuigh aríst an chéad oidhche eile agus bhí sé ag teacht abhaile agus casadh fear dó agus é ag iomchur cónra. Dubhairt sé leis fhéin gur mhór an náire dhó muna dtiubharfadh sé conghnamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cladhnach, Co. Galway