School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0019
  3. XML “Scéal an tSúiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an fear uasal. "Ní chuirfeadh an diabhal faitchíos ormsa" adeir an buachaill. Bhlaoidh an fear uasal isteach sa sgioból air agus thosaigh sé ag léigheadh. Is gearr gur thosaigh an t-urlár ag craitheadh. "Bhfuil faithcíos anois ort" adeir an fear uasal. "Níl" adeir an buachaill "mar má thuiteann mise síos, tuitfeadh tusa síos chomh maith liom". Thosaigh sé ag léigheadh arís agus thosaigh ceann an tighe ag craitheadh "Bfuil faithcíos anois ort" adeir an fear uasal. "Níl" adeir an buachaill "mar má thuiteann sé ormsa tuitfidh sé ortsa chomh maith". Thosaigh sé ag léigheadh arís agus is gearr gur chuir an diabhal a chloigeann anois [!] tríd an urlár. "Bhfuil faitcíos anois ort" arsa an fear uasal "Níl" arsa an buachaill acht fág annsin é go mbuailfidh mise a dhóthain air".
    Fuair sé súiste mór agus thosuigh dhá bhualadh "Ó ná marbhuigh ar fad é" arsa an fear uasal. Thosaigh an fear uasal ag léigheadh arís agus thog sé an t-achar céadhna air, an diabhal a dhíbhirt. Annsin d'iarr an fear uasal don bhuachaill cén creideamh do bhí aige, agus dubhairt an buachaill gur Creideamh Catoiliceach do bhí aige. Annsin d'ionntuigh an fear uasal agus a mhuinntir leis an gCreideamh Caotoilicheach. Thug sé a inghean lé pósadh don bhuachaill agus mhair siad go sona séanmhar uaidh sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Scannláin
    Gender
    Male
    Age
    24
    Occupation
    Mac feirmeora
    Address
    Tóin an Chnoic, Co. Galway