School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0021
- XML “Mac is Fiche”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthigh an mac is sine é féin agus bhí sé ag imtheacht nó go bhfaca sé caisleán mór dhá dhéanamh. Chuaidh sé go dtí na daoine do bhí ag obair air d'iarr sé dóibh cá raibh an fear ar leis an caisleán. Is gearr go dtáinig an fear agus d'iarr an mac is sine dó an bhféadfadh sé aon obair a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis go raibh buachaillí ag obair aige agus nach mórán bhí siad ag dhéanamh mar nach mórán do bhí lé déanamh aca. "D'fhanfainn agat" adeir an mac is sine "gan pinghinn gan buan acht mo bhéile a thabhairt dhom." "Mar sin" arsa an duine uasal "is féidir leat fanacht liom."
Lár na bháireach chuaidh sé ag obair. I n-am dinnéir dimthigh an mac is sine in aonfheacht leis an bhfear uasal agus chonnaic sé teach mór agus d'iarr sé don fhear uasal cé mba leis an teach mór agus dubhairt seisean gur leis féin é. "Cén fáth" arsa an mac is sine go bhfuil tú ag déanamh teach nuadh agus teach chomh h-áluinn seo agat" "Muise" adeir an fear uasal "tá rudaí lé feicheál ins an teach sin ins an oidhche. "Is iomdha duine a d'fhan ins an teach sin ins an oidhche agus bhí siad caillte ar maidin." "Fanóchaidh mise anocht ann" adeir an mac is sine. "Ó, ná fan" arsa an fear uasal "mar is iomdha duine níos fearr ná thusa(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Tóin an Chnoic, Co. Galway