School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0028
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Iníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go raibh an fathach imthighthe ag fiadach agus nach dtiocfadh sé go trathnóna. Chuaidh sé isteach agus chonnaic sé an bheirt eile freisin. Chuir siadsan fáilte róimhe freisin. Ba ghearr go dtáinig an fathach. Bhí an fear ar creathadh acht sé an chaoi a chuir an fathach fáilte mhór roimhe. Ba ghearr annsin go raibh uisge ag teastáil ó'n bhfathach agus ní raibh aon uisge istigh. Dubhairt an fear go raibh madraí an-mhaith aige féin agus go dtiocfadh ceann aca ag an tobar. Dimthigh an mada ag an tobar. Nuair a b'fhada leis an bhfathach go raibh sé ag teacht dubhairt sé leis an bhfear an mada eile a chur amach dhá chuartú. Chuir an fear amach é. Níor tháinigh sé sin acht an oiread agus chuir an buachaill aimsire an mada eile amach.
    Nuair a bhíodar uilig imthighthe bhí an fathach ag dul ag marbhú an bhuachaill aimsire acht leig an fear fead leis an bhfeadóig agus ar an bpoinnte tháinig na trí mhada ar ais. Mharbhuigheadar an fathach annsin. Thug an buachaill na trí ingheanacha abhaile ag an Rí. Bhí an Rí an-tsásta leis agus thug sé cead dhó an inghean ba shine a phósadh agus a dhul 'na gcomhnuidhe i dteach an fhathaigh. Annsin mhaireadar go sásta uaidh sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Conghaola
    Gender
    Male
    Age
    69
    Occupation
    Táilliúir
    Address
    Doire an Fhéich, Co. Galway