School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0035](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0035.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0035
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0035
- XML “An Mac is an tAthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cugam-sa annseo aríst slán sábhailte. "Mó lámh agus m'fhochal dhuit go dtiúbharaidh" adeir an ceannphort.
Dimthigheadar leo agus nuair a bhí an lá agus bliadhain istigh tháingeadar aríst leis an mac. Chuadar ag déanamh an chleas aríst agus nuair a bhí sé déanta aca dubhairt an t-athair "Is fearr mo mhac féin ná aon duine agaibh" Bheadh sé i bhfad níos fearr ná muid" adeir an ceannphort "dá leigfeá linn aríst é go ceann lá agus bliadhain". "Ní misde liom" adeir an t-athair agus dimthigheadar leó acht níor chuimhnigh sé a rádh leó é thabhairt ar ais aríst nuair a bheadh an lá agus bliadhain istigh. Nuair a bhí an lá agus bliadhain caithte ní raibh an mac ag tigheacht agus sin é an uair a chuimhnigh an t-athair nach ndubhairt sé leis an gceannphort é a thabhairt ar ais chor ar bith.
D'imthigh leis an athair agus bhí sé ag siubhal agus ag síor-shiubhail nó gur casadh foireann daoine leis agus iad ag imirt Peile. D'aithnigh sé a mhac in a measg agus chuaidh sé chun cainnte leis. "Níor dhubhairt tú leis an gceannphort mé thabhairt ar ais aríst" adeir an mac. "Níor dhubhairt" adeir an t-athair. "Geobhfaidh tú deis air mé thabhairt leat" adeir an mac. "Déanfaidh an ceannphort(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. Galway