School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar mhac an fhir bhoicht. Thóg sé isteach é mar bhuachaill aimsire agus lá amháin thug sé leis é i bhfad ó bhaile agus dubhairt leis go raibh sé féin ag dul ag imtheacht níos fuide agus nach mbeadh sé ar ais go ceann coicíse. Thug sé litir don bhuachaill agus dubhairt leis í a thabhairt dá bhean féin nuair a thiocfadh sé ar ais abhaile.
Dimthigh leis an mbuachaill agus thuit an oidhche air agus chonnaic sé solus i bhfad uaidh agus rinne sé an[n.] Chuaidh sé isteach san teach agus bhí cailín óg istigh roimhe. D'iarr sé lóistín na h-oidhche agus suipéar acht dubhairt an cailín go bh'fuigheadh sé suipéar acht nach bhféadfadh sí lóistín a thabhairt dhó mar gur triúr robálaí a bhí ag fanacht sa teach. Shuidh sé síos agus thuit sé in a chodhladh agus is gearr go dtáinig na robálaí istea[ch.] D'iarradar dhó cár bas é agus d'innis sé dóibh agus d'iarradar dhó an raibh aon airgead aige agus dubhairt sé nach raibh acht go raibh sé ag dul ag pósadh inghean fhear saidhbhir agus gur thug an fear litir dhó le(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Tóin an Chnoic, Co. Galway