School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0145
- XML “Seanscoil a bhí i Rosabhíl”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mannt a chur ins an gclár agus nuair a thiochfaidís ag an sgoil ar maidin gheobhfadh gach páiste dhá bhuille in aghaidh gach mannt ar an gclár dá mbeadh an sgéal céadhna thárluighthe lá ar 'na bhárach séard a dhéanfaidh sé ná a gcuid éadaigh a bhaint díobh agus duine go (de) na páistí a chur suas ar dhruim gasúir eile agus bhíodh sé dhá mbualadh nó go dtuithfeadh an bheirt i mullach a chéile ar an urlár. Tá sé ráidte gur bhuail gasúr áirid, ar a tugadh Míchéal Liam, an máighistear agus nach rinne sé mórán maitheasa in a dhiaidh sin.
Bhíodh ar gach páiste sgilling a íoc ins gach ráithe agus mar a n-íocfadh ní bhíodh aon chead aige a dhul ar sgoil nó go dtiúbhraidhe isteach an sgilling. Bhíodh ar na páistí uibheacha agus fataí a thabhairt 'ag an maighistir lé é féin a chothúghadh agus chuirfeadh sé ag an gcladach gach Aoine iad ag baint bháirne. Phós sé cailín de chlann Mhic an Iomaire as Doire Coill. Bhí muirghín air (ceathrar) agus chuaidh siad go léir go dtí Ameirioca.- Informant
- Padhraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 29
- Address
- Barrusheen, Co. Galway