Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
Pollagh, Co. Galway
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Na Trí Comhairleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    AN TRIÚ COMHAIRLE
    Gan rud ar bith a dheunamh san oidhche go mbeadh aithmhéal air faoi, lá ar na bhaíreach.
    Siubhal an fear leis agus tar eis tamaill casadh ceannuidhe leis an mbóthar a bhí ag dul ar aistear ar an treó ceadna leis feín. Bhí aithne aca ar a chéile agus siubhaladar sgathamh in eindigh ag seancus agus ag cainnt le ceile leis an mbothar do ghiorrú.
    Ar theacht dóibh go casan a bhí ag dul isteach i gcoill dubhairt an ceannuidhe leis an seanfhear go mbi eásgaidh dhoib acaire a dheunamh acht leanacht leis an gcasan treasna - bheadh cupla míle sabhailte aca. D'aontuigh an seanfhear leis an gceannuidhe agus bhí a chos leagtha aige ar an gclaidhe nuair a chumhnigh sé ar chomhairle na sean mná deirce. Ní dheacaidh sé treasna; choinnigh sé leis an mbóthar mór agus chuaidh an cheannuidhe an t-acaire in n-aonraic. Chualaidh an seanfhear in a dhiaidh len go raibh gaduighthe sa gcoill. Ghabhadar an ceannuidhe bocht - ghoideadar uaidh an meid airgid a bhí aige agus mharbhuigheadar annsin é. Chuimhnigh an seanfear ar comhairle na sean mná dírce airíst.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraic Ó Laidhigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Rosscahill, Co. Galway