School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 375

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 375

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 375
  3. XML “Páidín Sheagháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a thabhairt ar ais leat agus ólfaimíd ibpáirt é. Bhéarfaidh mise aire de n chapall go dtiocfaidh tú ar ais" ars an fear.
    Do bhailigh leis an mbuachaill ina choinne. An fhad agus bhí sé imthighthe seard a bhí an duine uasal ag déanamh crúdh capall a bhí aige, a raibh a ainm agus a shloinne sgríobtha air, a chur ar cheann de chosaibh an chapaill. Nuair bhí an obair sin déanta aige bhí sé an tsásta mar bhí súil aige Paidín bocht a thabhairt ón gcroich. Ba ghearr go dtáinig an buachaill leis an uisge beatha. D'ól an fear braon de. Ba chuma leis céard a déanfaí leis an mbuidéal ó thárla go raibh an gníomh eile déanta aige agus bhí sé an-mheidhreach ag dul abhaile dó.
    Ibfad indiaidh sin tháinig lá an bhreitheamhnais agus tugadh Paidín ós comhair an bhreithimh. D'fheach Páidin thart agus comh luath agus chonnaic sé a chara tháinig misneach chuige agus ars sé in-árd a ghutha. "Nach bocht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Bhain
    Gender
    Female
    Age
    24
    Address
    Cill Bhríde, Co. Mayo