School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 409

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 409

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 409
  3. XML “An Mí-Ádh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agat ach beidh airgead agus ba, fataí agus gach aon rud eile agat feasta" D'imthigh an mada beag dubh as amharc annsin agus amach leis an bhfear arís agus bhí sé ag siubhal go bhfuair sé a ceann-chúrsa amach.
    Bhí an figheadóir sa mbaile agus chuir sé fáilte roimh an bhfear mbocht agus thug sé béile maith dó. Bhí fhios go maith ag an bhfigheadóir gur píosa breidín a bhí uaidh. Siar leis sa seomra agus ghearr sé píosa mór do'n fhear. Chuir sé a lámh isteach imbosca agus bhain sé bille cúig bpúnt as. Thug sé an píosa breidín agus an bill cúig bpúnt don fhear.
    D'imthigh an fear leis abhaile annsin agus nuair tháinig sé isteach ins an tigh chonnaic sé an bhean agus an chlann agus iad ag ithe agus ag ól doibh féin D'innis an bhean dó annsin go bhfuair sí roinnt airgid agus caca milis agus deoch le n-ól ó dhuine uasal a bhí ag dul an bealach. Ní raibh aon lá ón lá sin amach nach raibh a sáith le n-ithe agus le n-ól ag an bhfear agus a mhnaoi agus bhíodar saidhbhir sásta indhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Máille
    Gender
    Male
    Age
    44
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cill Bhríde, Co. Mayo