School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is annamh a thagann lucht siubhail go dtí mo thig. I rith an t-Samraidh seadh thagann an cuid is mó aca. Ní h-iad an dream ceadhna a thagann i gcomnuidhe. Bíonn pictiurí beannuighthe agus galúnach agus lása agus a lán mion rudaí eile á ndíol aca. Ceannuígheann siad na h-earraí ins na siopaithe agus diolann siad iad lé muinntir na tuaithe chun preifid a bheith aca asta. Is gnáthach ná bíonn puínn fáilte rómpa i gcid des na tighthe. Bíonn malaí móra, troma aige cuid aca ar a ndrom agus cuid eile aca go bfuil asail aca chun a gcuid malaí a iomchur dóibh. Lé linn doraichis na h-oidhche iseadh thosnuígeann siad air lóistín i gcóir na h-oidhce a lorg. Is minic go mbíodh seachtar no h-ochtar aca in aon tig amháin prátaí agus iasc a gheibhidís i gcóir suipeár. Is minic go dtagfadh muinntir na h-áite isteach chúcha ag eisteacht leó, ag innsint doíbh cionnus a chaithfheadar tosach a saoghail. Bíonn foth dhuine leis aca go mbíonn scealta aca. Leabaidh tuighe a bhíodh aca. San am san ní bhíodh ach tighthe beaga aca agus aon seómra amain agus ba dheacair dóibh slíghe a d'fághail do lucht siubhail. Fear an mhála mhóir a bead duine aca. Bhíodh dá hata á chaitheamh aige agus bhíod paca mór ar a dhrom aige. Bhíod cloca agus na h-aon aindéise eile thíos sa mhála aige. Oidhche amháin bhí sé i dtig ar an mbaile seo agus chualaidh na chómarsain é. Bhailigeadar go léir isteach cuighe. Bhí go maith is ní raibh go h-olc bhí an dá garsún ag gabhail an doras isteach "Ó arsa duine aca tá dá hata air." Cad dhéin sé ac breith ar fód móna ó'n dteine agus é chaiteamh(continues on next page)