School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)

Location:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 543

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 543

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Page 543
  3. XML “Céadach agus Grua Dhearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceadach agus Gruadh Dhearg
    Bhí rí ann fadó,is minic a bhí agus beidh go deó agus bhí aon mhac amhain aige. Is é an ainm a bhí air ná Ceadach Óg. Nuair a bhí sé bliadhain agus fiche d’aois dubhairt sé lé na athair lá ná raibh aon deáramh lé é féin a bheith ag caitheamh a shaoil (saoighil) mar seo gan mhaith agus go raghadh sé ag foghluim Ghárda.
    Dimtigh sé air la agus do chuaidh sé go dtí rí na leach sleamhain ag foghluim gárda. Bhí príntísach aige roimis gurab ainm do Gruadh-dhearg.
    Bhí Céadach cúpla lá aige agus d’imtigh sé féin agus a bhean ag máirseáil. D’fágadar Céadach agus Gruadh-Dhearg istigh na ndiaidh.
    I gcaitheamh an lae dhóibh d’iarr Céadach ar Gruadh Dhearg dul leis cúpla babhta agus dubhairt sé leis ná raghadh mar ná raibh aon pioch de’n gcéird sin foghlumtha aige fós.
    D’iarr sé an dara babhta air é agus dubhairt se na raghadh acht an triomhadh h-uair dubhairt se go raghadh, gur maith leis triail a bhainnt as ach go háirighthe. Thughadar fé chéile agus bhain Céadach an t-siúil as Gruadh Dhearg.
    Bhí ingean an rí geallta do Ghruadh Dhearg agus nuair a thainig an Rí abhaile connaich se go raibh Gruadh Dhearg ar leath shúil agus dfhiafruigh sé do chad a thuith amach eatorra. Dubhairt se leis go ndeachaidh sé féin agus Ceadach ag cómhrach agus go bhfuair Ceadadh an lá air.
    “Ó”! arsa an rí le Gruadh Dearg tá tú air leath súil agus ní phósfaidh m’ingean in aon chor tú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Flaithbheartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry