School: Killorglin (B.) (roll number 12832)

Location:
Killorglin, Co. Kerry
Teacher:
Ml Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0434, Page 364

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0434, Page 364

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Killorglin (B.)
  2. XML Page 364
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí Parson Mullins 'na coinnuidhe i nDrom a' bhaile, Cill Fhorglan timcheall le 60 bliadhain ó shoin.

    Bhí Parson Mullins 'na chomhnuidhe i nDrom a' Bhaile, Cill Fhorglan timcheall le 60 bliadhain ó shoin. Bhí fheirm mhór bhreágh aige agus bhíodh a lán sclábhaidhthe ag obair aige, ach gan de thuarastal an uair sin acu ach tistúin so ló. Agus dá mbeadh duuine acu déanach ar maidin do deinfí é do "ceathramhadh." Bat Phádraig do b'ainm do dhuine des na sclábhaithibh seo, agus ní gádh a rádh ná raibh clog nó cluigín cliotarach aige chun é do mhúscailt ar maidin.
    Phreab sé amach mar sin agus scannradh 'na chroidhe ar eagla go mbeadh sé deidheanach. Bhí dhá mhíle de bhóthar roimis ach gan bróg nó stoca air ba ghearr an mhoill air é chur de. Nuair a tháinig sé go dtí an fheirm bhí iongnadh a chroidhe air a thabhairt fé ndeara ná raibh duine ná daoinní ann roimis. Bhí roilig mhór agus tá fós i lár na feirme agus cill mhór fhada'na fhothrach i lár na roilighe. Í seo an chill a thugadh an ainm, Cill Fhorglan, don áit seo (Cill Forgla, mar atá sé in Anála Innis bhFá). D'imthigh Bat go dtí an falla is d'fhéuc sé isteach agus é cráidhte ciapaighthe go leór is dubhairt . "Molaim sibh" ar seisean, "is breágh a chodlann sibh."
    Ní cuimhin liom anois cá fuaras é seo:
    M. Ó Donnchadha O.S.
    Loch Cárthaighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    M. Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Lough Caragh, Co. Kerry