School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)den Ghoilín. Dubairt m'athair liom gur chualaidh sé sgéal os na sean daoine fadó: seo é é:-"Lá dá rabhadar ag déanamh claidhe treasna an Pharáiste thógadar aníos ceann des na clocha móra. Chonnacadar thíos na sliogáin 'na mbíodh iasg istig ionnta. D'imthigheadar annsan isteach san Pharáiste agus bhí sluaiste aca agus sáitheadar na sluaiste fés na sliogáin ach cad a bheadh ann ach Píosaí de gunnaí agus corráineacha agus iad ídighthe is ithte le meirg.
Tá lios eile inGarrán Bán agus is ann atá na clocha breághtha. Bhí fear ann fadó agus bhí an tig comh dona san aige gur bheartuig sé seift ar cheann nua do thógaint; bhí sé ar intinn aige feidhm do bhaint as clocha an leasa.Lá amháin thosnuig sé ar iad do thógaint leis ach tháinig Pian uathbhásach 'na drom. Luighe sé síos ar urlár an leasa cun a sgiath do thógaint.Chuala a bhean an glór istigh sa lios. Chualaidh na comarsain é. Ritheadar síos go dtí an lios agus fuaradar an duine bocht agus é leath marbh. Bhí sé bruighte, briste agus stracartha tar éis an droch-usáide a fuair sé os na daoine maithe san lios. Thóg thar nais go(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Fairfield, Co. Kerry
- Informant
- Tadhg Ó Cathasaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Fairfield, Co. Kerry