Scoil: Sáile (uimhir rolla 16052)
- Suíomh:
- Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: R. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thionntuigh cuile duine acha leis. Bhí sgoil annsin darb ainm sgoil an brocain. Bhí Séan Ó Gallachobhair ar an doras agus é al léigeamh amach as leabhar agus na daoine ag rádh in a dhiaidh.
- Tá sean sgoil ar an gCaisil. Rineadh é 'san mbliadhain 1854. Sí 'Lady Oliva Spera" a chur ar bun é leis na daoine a sabhail ón mbás. Caithfidh na daoine a thionntadh leis na nGaill sul a bfuigheadh siad aon bhiadh. Bhí brocan agus ambhruith ann. Bí na daoine ag fagháil léighinn maith agus rinneadh maigistrí agus maigistreasaí dóibh. 'Sé an maigistear bachach abhí ag múineadh na sgláraí.
Tá tobair ar an mbhaile agus sin é an áit a bhfuair siad an uisge leis an brocán a deanamh. Tugtar tobair an brocain air.(leanann ar an chéad leathanach eile)