Scoil: Sáile (uimhir rolla 16052)
- Suíomh:
- Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: R. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sáile
- XML Leathanach 68
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fado agus sé an t-slighe bheata a bhí aige ag piochadh faochóige.”
Bhí fear ann fado agus sé an t-slighe bheatha a bhí aige ag piochadh faochóige. Bhí sé lá amháin amuigh iongantach moch agus chaitheadh sé fanacht sgathamh annsin go dtrághadh sé amach. Bhí sé ag faire thart agus chonnaic sé dhá cheann deag de chraiceann rón caiththe ar charraigh. Nuair a bhí sé ag dearcadh sgathamh ortha. Dubhairt sé go dtabhradh sé an ceann is deise leis. Thug sé leis é agus chuaidh sé suas go dtí áit a bhí sé i-dtosach. Ní raibh sé i bfad annsin go bfaca sé sgata mnáibh ag teacht amach as an bfairrge. Tháinig siad go dtí an aith a bhí na craiceanna caiththe agus chuir chuile dhuine aca a gceann féin ortha. Bhí an bhean seo ag imuacht thart ag iarraidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maireadh Ní Lochlainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Martán Ó Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Sáile, Co. Mhaigh Eo