Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)

Suíomh:
Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sr. M. de Sales
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin dubhairt beirt fhear le na chéile go raibh fhios aca áit a raibh ór. Bhí an t-ór síos faoi talamh tuairim is troigh go leith faoi'n dtalamh.
    Ní bhfuigheadh éinne an t-ór nach mbeadh cat dubh le chaitheamh ag ollphéist mhór a bhí ar faire an ciste. Ins an oidhche annsin fuair na fir láidhe agus chuaidh siad go dti an áit.
    Thosuigh siad ag cartughadh nó go dtáinig siad go cloic mhóir. Chonnaich siad ollphéist agus súile cómór le cnoc air.
    Tháinig faitcíos ortha ar dtús agus annsin tháinig misneach ortha. Thóg siad amach an cat as an mála ach nuair a bhí siad ar tí é a caitheamh ag an ollphéist léam sé uatha.
    Rith sé uatha agus ní raibh siad in ann é a ceapadh. Annsin léim an t-ollphéist suas agus d'ith sé an bheirt fear. Níor thug aon duine aon iarracht an t-ór a fágháil aris.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Giollabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo