Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal GrinnBhí bean an fadó agus bhí beirt mhach aicí. Gasúr ciallmhar, macánta dob eadh an mach ba shine ach cleasaidhe críochnuighthe a bhí sa mhach b'óige. Bhíodh sé ag déanamh gach diabhailidheacht agus mo leán is aige bhí gach cleas, áit agus coirnéal. Théigheadh an gasúr óg seo í ngach uile áit. Cérd do bharamhail dó, lá amháin bhí dinnéar maith ag teastáil uaidh agus a mhuirghín, sé bhí indan an biadh a sholáthar. Chuaidh sé go dtí sgioból eicint agus ghoid sé go leór ubh. As go breágh leis agus d'fág sé na huibheacha sa bhaile. Amach leis aríst, is cosamhail nach raibh a sháith aige. Chuaidh sé isteach í ngarraidhe fhir éigin agus síl sé neart cabáiste agus glasraí a ghoid. Bhí go maith agus ní raibh go ró dhona, bhí ag eirge leis go bog. Ar deire tháinig an fear go mba leis an garraidhe agus chonnaic sé an rógaire istigh agus é ag déanamh slaid. Nuair a chonnaic an fear clár éadáin an ghasúir d'aithin sé go maith cé bhí ann. Bhí fios ag an saoghal ce'n saghas duine 'bhí sa ghasúr óg seo.Ar chaoí ar bith chuir an fear an gasúr amach as an ngarraidhe. Bhí an gasúr ag iarraidh go leór glasraí a ghoid agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo