School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)

Location:
Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Sr. M. de Sales
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0085, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Page 200
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha sin tobar beannuithe in Acaill acht níl mórán eólais agam acht ar trí cinn aca. An ceann atá í gCill Domhnaid, Acaill Beag agus Sliabh Mór. Sé an ceann is tabhachtaighe ná an ceann atá í gCill Domhnaid. Tugann daoine turas ar an d'tobar an chéad lá Bealtaine agus lá Muire Mór.
    Téigheann siad thart ar an tobar agus deireann siad an Paidear, An Abhé agus an Glória seacht n-uaire gach turas. Baineann siad a gcuid stocaí díobh agus téigheann siad thart ar a nglúnaibh. Nuair a bhíonn siad réidh fágann siad píosa gruaige nó píosa dá gcuid éadaigh in a ndiaidh ag cárnán cloiche atá ós cionn an tobair.
    Má bhíonn an duine tinn agus má bhíonn sé le bás d'fághail, tiocfaidh an t-iasg (breac geal) aníos agus tionnfaidh sé é féin agus tuitfidh sé go trom go bun an tobair. Muna mbéidh sé le bás d'fághail, ní stopfaidh sé acht ag snámh thart. Roimh éirge na gréine iseadh is cóir a dhul chuig an tobar. Tugann siad buidéal uisge abhaile leo agus cimligheann siad do'n té a bhíonn tinn é.
    Tobar Naomh Domhnaid iseadh é agus tá lorg a ghlún ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Ghallóglaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Caiseal, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Peigí Ní Ghallóglaigh
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    An Caiseal, Co. Mhaigh Eo