Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí mach aige agus ní nach ionghnamh ba mhaith leis, an mach a chuir le ceirt eicínt. Ba mhaith leis an athair go mbéadh an mach go maith ag cleasaidheacht. Tráthamhail go leór tháinig Caitín Regimint na gCleas thart agus dubhairt sé leis an fhear go mbéadh a mhach ina cleasaidhe maith ach é leigint leisin ar feadh lá agus bliadhain. Dubhairt an tsean-fhear go nglachfadh se leis an gcomhairle sin agus go mbadh mhaith leis an mach a feiceál i gcionn lae 'gus bliadhain. Bí go maith. D'imigh an mach leis an gcaiptín. D'fhoghluim sé go leó cleas acht ní raibh sé baoghal bheith chomh maith leis an gcaiptín. Mhothuigh an t-sean-fhear an t-am iongantach fada. Ar deire tháinig an mach agus thosuigh sé ag teasbáint na gcleas d'fhoghluim sé do'n athair. Bhí Regimint na gCleas leis an ngasúr an t-am seo. Ní raibh athair an ghasúir sásta leis na méid cleas a d'fhoghluim an gasúr. Ba mhaith leis an athair go mbéadh a mhach chomh maith leis an gCaiptín é féin. Dubhairt sé go gcuirfeadh sé a mhach leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padhruig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo